Jump to content

Crith talún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teorainneacha dibhéirseacha
Creathanna talún
Úsáidtear an scála méide na móiminte inniu le déine creathanna talún a thomhas.
Tá imill an-ghníomhacha mórthimpeall an Aigéin Chiúin agus ar feadh líne ón Meánmhuir go dtí na Himiléithe is an tSín.
Droichead Medway, Christchurch 2010
Ardeaglais i dTóiceo, 1923

Tubaiste nádúrtha is ea crith talún, a tharlaíonn de bharr gluaiseacht na bplátaí teicteonacha, a tharchuireann sraith tonnta sa talamh.[1] Tarlaíonn crith talún nuair a scaoiltear fuinneamh as screamh an domhain i dtonnta seismeacha.[2] Bogann an talamh go tobann mar thoradh.

Sa 20ú haois, úsáideadh an Scála Richter le déine creathanna talún a thomhas. Mar shampla, i gcás an chrith talún a tharla i dtuaisceart California le linn sraith dhomhanda an daorchluiche i 1989, a raibh tomhas 6.9 ar an scála Richter aige, meastar gur scaoil sé an oiread fuinnimh le 30 milliún tonna d'ábhar pléascach, níos mó ná 10 n-oiread chumas pléasctha na mbuamaí uile a pléascadh sa dara cogadh domhanda.[1]

Sa 21ú haois, tomhaiseann na seismeolaithe fuinneamh an chreatha thalún leis an scála méide na móiminte. Níl an scála seo foirfe ach an oiread.

De ghnáth tarlaíonn creathanna talún is bolcáin ar feadh teorainneacha na bplátaí teicteonacha. Faoi bhun na bplátaí tá ciseal de chloch leáite atá téite ag croíleacán te an domhain. De réir mar a shreabhann an chloch leachtach le comhiompar teasa, iompraíonn sí na plátaí freisin.

Nuair a thagann dhá phláta le chéile go tapa, is amhlaidh a shleamhnaíonn dromchla pláta amháin faoi bhun an chinn eile (fodhuchtú).

Ina dhiaidh sin ó am go chéile, tarlaíonn sleamhnú faoi thalamh ar feadh éasclínte, agus is é seo a chuireann tús le crith talún.[1]

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá imill an-ghníomhacha mórthimpeall an Aigéin Chiúin agus ar feadh líne ón Meánmhuir go dtí na Himiléithe is an tSín.

Má bhíonn bunús nó airmheán crith talún gar don fharraige, féadfaidh sé tús a chur le tonn taoide sa bhfarraige, nó súnámaí. Forleathann an tonn seo ag ardluas (b'fhéidir ~700 – 900 km/h san aigéan domhain), agus féadfaidh sí a bheith fíormhillteanach do dhaoine is foirgnimh gar don chladach na mílte ciliméadar ón airmheán. Scaoileann crith talún méid ollmhór fuinnimh i bhfoirm na dtonnta seismeacha.[1]

Veiniséala 2026

Maraíodh na mílte is na mílte duine[3] i dtuaisceart Veiniséala ar an 24 Meitheamh 2026,[4][5][6][7] méid sheismeach de 7.2 Mw agus 7.5 Mw a bhí sa dá chrith talún faoi seach (tá 7.5 Mw beagnach trí uair[8] níos láidre ná 7.2 Mw ar scála méide na móiminte).

Gaziantep, an Tuirc agus an tSiria, 2023

Maraíodh b'fhéidir 60,000 duine in iomlán, 7.8 Mw ar scála méide na móiminte.

Tharla crith talún i Léogâne, Háítí ar an 12 Eanáir 2010. Fuair 100,000 - 160,000 duine bás. Ní raibh an crith talún ach 7.0 ar scála Richter.

Maraíodh 87,587 duine + ar an 12 Bealtaine 2008 i gcrith talún fíordhíobhálach i nDaon-Phoblacht na Síne (Sichuan). Bhain an crith talún 8.5 amach ar scála Richter

San Francisco, 1989

[cuir in eagar | athraigh foinse]

17 Deireadh Fómhair 1989: crith talún i gcathair San Francisco (6.9 ar Scála Richter)

7 Nollaig 1988: Meastar gur maraíodh idir 25,000-50,000 duine i gcrith talún i dtuaisceart na hAirméine san Aontas Sóivéadach. Ach ní raibh an turraing róláidir (6.8 ar an scála Richter). Ní raibh an tír réidh chun déileáil le creathanna, is cosúil.

Tangshan, 1976

[cuir in eagar | athraigh foinse]

28 Iúil 1976: Leagadh an chathair Tangshan sa tSín. Líon na marbh 242,419 (go hoifigiúil) ach i bhfad níos mó is cosúil... 300,000 ar a laghad nó níos mó fós. An crith talún is marfaí sa 20ú haois.

Managua, 1972

23 Nollaig 1972: Scrios crith talún Managua, Nicearagua. Maraíodh 4-11,000 duine.[9]

Ba é an crith talún is mó dar tomhaiseadh riamh an crith talún ar luach 8.9 a bhuail Tóiceo na Seapáine, sa bhliain 1923, agus a mharaigh níos mó ná 100,000 duine trí leagadh foirgneamh nó na dóiteáin a lean é. Bhí an iliomad dóiteán ann, a scaipeadh ag na gaotha láidre, agus scriosadh sean-Tóiceo is Yokohama.

Valparaíso, 1906

[cuir in eagar | athraigh foinse]

16 Lúnasa 1906, fuair timpeall is 20,000 duine bás i gcrith talún i Valparaíso na Sile (Méid creatha talún: 8.2).

Maraíodh 3000 duine ar a laghad i gcrith talún i San Francisco sa bhliain 1906

15 Meitheamh 1896: Sa tSeapáin, cailleadh 27,000 i gcrith talún Sanriku, agus tháinig súnámaí ina dhiaidh.

1 Samhain 1755, bhuail crith talún Liospóin, sa Phortaingéil, & maraíodh 12,000+ … súnámaí a tháinig ina dhiaidh.

23 Eanáir 1556: maraíodh thart ar 830,000 duine i gcrith talún sa tSín, i Shaanxi.

Liospóin 1531

26 Eanáir 1531: bhuail crith talún Liospóin, sa Phortaingéil. Maraíodh thart ar 30,000 duine.

Cuntais ar chreathanna san am a caitheadh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir leis na chéad thuairiscí ar na creathanna, sna cáipéisí luatha as Impireacht na Róimhe caitear na creathanna talún isteach sa chatagóir céanna le cineálacha eile tubaistí. Isteach leo leis an gcogaíocht, an cheannairc agus an ionradh. Na dátaí sin a luaitear le creathanna talún a tharla roimh AD 1000 níl siad cruinn, go háirithe i gcás na gcreathanna sin a tharla idir na blianta AD 500 agus AD 1000.

An chéad tuairisc a rinneadh ar chrith talún a tharla in impireacht na Róimhe, Livius a bhreac. Ag scríobh dó i mblianta deireanacha na chéad aoise RC, luann sé creathanna na bliana 461 RC: 'Bhain crith talún croitheadh fíochmhar as an talamh.' Déanann Livius, sa chuntas gonta seo dó, cur síos ar an gcrith talún i gcomhthéacs na míorúiltí a tharla le linn na bliana sin. Is beag a scríobh sé faoin damáiste a tharla don chathair i bhfírinne seachas gur thit dealbha móra agus mar sin de.

  1. 1 2 3 4 Hussey, Matt (2011) - Fréamh an Eolais (Coiscéim)
  2. ↑ cogg.ie. "Creathanna Talún". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-15. Dáta rochtana: 2020.
  3. ↑ "2026 Venezuela earthquakes" (as en) (2026-07-28). Wikipedia.
  4. ↑ Nuacht RTÉ (2026-06-25). "Dhá chrith talún in éineacht i Veiniséala, go leor maraithe" (as ga-IE).
  5. ↑ i mBéarla, 2026 Venezuela earthquakes
  6. ↑ Angus Lambkin : Oibrí daonchairdis Idirnáisiúnta ar RnaG (26 Meitheamh 2026). "Cén chaoi a dtabharfar faoin obair fhóirthinte?" (as ga-IE).
  7. ↑ Michael McCaughan, Iriseoir agus Údar. (25 Meitheamh 2026). "Tús Áite / RnaG: Creathanna Talúin sa Veinéiséala" (as ga-IE).
  8. ↑ 2.84 le bheith cruinn beacht faoi
  9. ↑  USGS (September 4, 2009), PAGER-CAT Earthquake Catalog, Version 2008_06.1, United States Geological Survey