Éire
- Is alt faoi oileán na hÉireann agus an tír ina hiomlán é seo; tá ailt ar leith faoi Éire (Poblacht na hÉireann) agus faoi Thuaisceart na hÉireann freisin. I gcomhair ciall eile den fhocal, féach Éire (idirdhealú)
| Éire (ga) Ireland (en) Airlann (sco) | |||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 7,185,600 (2023) | ||||
| • Dlús | 85.12 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | na hOileáin Bhriotanacha Na náisiúin Cheilteacha | ||||
| Achar dromchla | 84,603[1] | ||||
| Tomhas | 260 km | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach, Muir Éireann, Muir Bhreatan agus Sruth na Maoile | ||||
| Pointe is airde | Corrán Tuathail (1,041 m) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Is oileán í Éire atá suite amuigh ó chósta iarthuaisceart mhórthír na hEorpa, siar ón mBreatain Mhór, in oirthear an Aigéin Atlantaigh thuaidh.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa mhiotaseolaíocht Ghaelach, ba bhandia eapainmneach na hÉireann í Ériu, iníon Ernmas de chuid na Tuatha Dé Danann. B'é Mac Gréine a fear céile.
Tá díospóid faoi shánasaíocht Ériu ach d’fhéadfadh sí a bheith díorthaithe ón bhfréamh Próit-Ind-Eorpais *h2uer, ag tagairt d’uisce ag sileadh.[2] Ós rud é go ndéanann 'Ériu' ionadaíocht do bhandia na hÉireann, go minic léirítear í mar phearsantú na hÉireann. Is í "Ériu" an fhoirm ársa don logainm "Éire" a bhíonn in úsáid sa lá atá inniu ann.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Labhraítear go minic sa Ghaeilge ar Leath Mhogha agus Leath Choinn. Clúdaíonn leath Mhogha an chuid tíre atá ó dheas ó Eiscir Riada, agus Leath Choinn an chuid eile.
Tá an tír, ar ar thug na Rómhánaigh Hibernia, 486 ciliméadar (301 míle) ó thuaidh aneas, agus 275 ciliméadar (171 míle) anoir aniar. Tá maigheanna móra i lár na tíre, cuid mhaith díobh clúdaithe le portaigh, agus tá an-chuid cnoic agus sléibhte mórthimpeall orthu, ach níl mórán acu an-ard. Is é Corrán Tuathail i gContae Chiarraí an ceann is airde (1041 méadar).
Tá talamh mhaith san oirthear in áiteanna, agus déantar an-chuid curadóireachta, mar shampla ar chruithneacht, eorna, biatas siúcra agus torthaí. San iarthar, níl an oiread sin curadóireachta, mar go bhfuil an aeráid agus an talamh tais cuid mhór den bhliain, agus an talamh níos boichte i go leor áiteanna. Tógáil eallach agus caorach, maraon le ba bainne, an sórt talmhaíochta a chleachtaítear ansin don chuid is mó. Fanann siadsan amuigh faoin aer an bhliain ar fad de ghnáth, mar níl an aimsir in Éirinn chomh crua le tíortha eile i dTuaisceart na hEorpa mar gheall ar Shruth Murascaille Mheicsiceo. Féach Bóithre agus mótarbhealaí in Éirinn mar tuilleadh eolais faoi na bóithre agus na mótarbhealaí ar fháil in Éirinn.
Aimsir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aimsir bhog fhliuch is gnách a bheith in Éirinn. Tá tionchar mór ag Sruth Mhurascaill Mheicsiceo uirthi. Is ag an ngaoth aniar aneas atá an tionchar is mó ar an aimsir, agus tig sruth na Murascaile ón treo céanna. Tugann sí aer te isteach ón gCairib, a bhailíonn an-chuid taiseachta ar a bealach trasna an Atlantaigh Thuaidh. Cé go bhfágann sin nach mbíonn mórán fuachta nó sneachta ann sa gheimhreadh, ná teochtaí ró-ard sa samhradh, is minic a bhíonn an tír an-ghaofar agus tais, rud a bhíonn le sonrú sa gheimhreadh go háirithe.
Flóra agus fána
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ós rud é go raibh an t-oileán scartha amach ó mhór-roinn na hEorpa de bharr ardú mara ag deireadh na hoighearaoise, níl a leithéid d'éagsúlacht ainmhithe is a bhfuil le fáil sa Bhreatain nó ar mhórthír na Eorpa. Na speicis a fhaightear go flúirseach ná an sionnach, an ghráinneog agus an broc; chomh maith leis an giorria, an fia rua agus an cat crainn i líonanna níos lú. Tagtar ar roinnt ainmhithe mara i bhfarraigí an oileáin freisin, mar atá an turtar mara, an siorc, an rón, an míol mór agus an deilf.
Níl nathair ar bith le fáil, agus is í an laghairt an t-aon reiptíl a fhaightear ann.
I measc na speicis díofa a chuaigh i léig ná an fia mór, an fhalcóg mhór agus an mac tíre. Tugadh an t-iolar fíréan isteach arís, tar éis dó a bheith imithe leis na glúinte.
Daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá beagnach seacht milliún duine in Éirinn agus cúig milliún sa Phoblacht.[3] Is de bhunadh Ceilteach an chuid is mó den daonra, a tháinig i dtír ó mhór-roinn na hEorpa thar na cianta. Bhí cuid mhaith inimirce, freisin, ó am go ham ó thíortha eile, go háirithe as Alba, agus ar bhonn níos lú, as Sasana. Is Caitlicigh formhór (os cionn 70%) an daonra. Is Protastúnaigh formhór na coda eile, beagnach leath na ndaoine i gCúige Uladh, agus iad roinnte idir eaglaisí éagsúla, go háirithe Preispitéirigh agus Anglacaigh (a bhaineann le hEaglais na hÉireann. Féach ar an alt Creideamh in Éirinn le tuilleadh sonraí).

Rialachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó 1922 i leith, tá an t-oileán roinnte idir Saorstát Éireann (1922-1937) nó Éire (1937-inniu) agus Tuaisceart Éireann. Tá na sé chontae i dTuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe, agus tá an chuid eile den tír ina Stát neamhspleách. Ní minic a tugtar "na sé chontae" ar Thuaisceart Éireann, agus "na sé chontae is fiche" nó "an Phoblacht" ar an gcuid eile den tír.
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cáil ar na Gaeil ó thús a gcuid staire sa cheol. Bhíodh ceoltóirí agus cumadóirí ceardúla go fairsing sa tír faoi na sean-ríthe agus flatha, go dtí gur chuir Cath Chionn tSáile deireadh leis an seanchóras Gaelach. As sin amach, leanadh den cheol, ach ba cheol tíre an chuid ba mhó de, le ceol rince agus oibre san áireamh.
Níos déanaí, tháinig foirm amhránaíochta gan tionlacan ar aghaidh, ar a dtugtar an sean-nós. Tá sé seo láidir fós, go háirithe i nGaeltachtaí Chonnacht. Tá traidisiúin ceol fidle láidir i gcuid mhór den tír, ach castar ceol traidisiúnta freisin ar an gcruit, ar an bhfeadóg stáin, agus ar an mbosca ceoil go forleathan. Bhíodh rincí traidisiúnta go rialta ag na crosbhóthair go dtí na 1950í, ach ina dhiaidh sin ba sna hallaí rince ba mhó a bhí ceol le haireachtáil go beo. Ar ndóigh chuir an disco tarraing i gcónra na mbannaí agus na hallaí ceoil, cé go leanann cuid acu go fóill.
Maraon leis an gceol, tá cáil ar na Gaeil leis an scríbhneoireacht. San fhichiú céad agus sa 21ú céad is i mBéarla atá an chuid is mó den scríbhneoireacht seo, ar aon dul leis an titim ar úsáid na Gaeilge thar an achar sin.
I measc na scríbhneoirí suntasacha Éireannacha tá James Joyce, Samuel Beckett, W. B. Yeats agus Seamus Heaney.
Na meáin chumarsáide
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an chuid is mó de na meáin i bPoblacht na hÉireann bunaithe i mBaile Átha Cliath. Is iad na príomhnuachtáin ansin an Irish Times, an Irish Independent, agus le cúpla bliain anuas an Irish Examiner. D'fhoilsíodh an Irish Examiner faoin teideal, "Cork Examiner" ar feadh blianta, ach bheartaigh siad díol náisiúnta a thabhairt dó, agus athainmníodh mar sin é. Tá eagráin d´Éireann ag go leor de nuachtáin Shasana, ach is ionann formhór an ábhair. Tá díol leathan ar an Belfast Telegraph agus an Irish News as Béal Feirste, ach níl mórán díol nó glaoch orthu ó dheas go dtí seo. Bhí an Irish Press, Sunday Press agus Evening Herald an-tábhachtach go dtí na 1995, agus iad á riaradh ag muintir Éamon de Valera. Tá nuachtáin ar leith a fhoilsítear ar an Domhnach, ar nós an Sunday Independent ó fhoilsitheoirí an Irish Independent, an Sunday World. Tá dhá nuachtán Gaeilge ann: Lá (atá laethúil, as Béal Feirste) agus Foinse (atá seachtainiúil, as An Cheathrú Rua).
Is é Radio Telefís Éireann an príomhchraoltóir ó dheas, le trí bealach teilifíse sa chuid is mó den tír: RTÉ a hAon, RTÉ a Dó agus TG4. Tá TV3 agus Channel 6 neamhspleách ón stát. Tá an BBC ag craoladh ón oirthuaisceart, chomh maith le hUTV atá neamhspleách ón rialtas ó thuaidh. Tá tábhacht fós leis na craoltóirí náisiúnta ar an dá thaobh den teorann, ach tá an-éisteacht anois le stáisiúin neamhspleácha.
Éire réamhstairiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn tréimhse na hoighearaoise deireanaí agus go dtí thart ar 10,000 RCh, clúdaíodh oighir go tréimhsiúil formhór na hÉireann. Bhí leibhéil na farraige níos ísle agus bhí Éire, cosúil leis an mBreatain Mhór, mar chuid de mhór-roinn na hEorpa. Faoi 16,000 RC, ba chúis le hardú na farraige de bharr leá oighir Éire a bheith scartha ón mBreatain Mhór. Níos déanaí, timpeall 6000 RCh, scaradh an Bhreatain Mhór ó mhór-roinn na hEorpa. Go dtí le déanaí, thug dátaí an fhianaise is luaithe le fios go raibh gníomhaíocht dhaonna in Éirinn thart ar 12,500 bliain ó shin, arna léiriú ag cnámh béir búistéireachta a fuarthas in uaimh i gContae an Chláir.[4] Ó 2021, tugann dátaí an fhianaise is luaithe le fios go raib gníomhaíocht dhaonna in Éirinn ann 33,000 bliain ó shin.[5]
